Art Ó Súilleabháin


Go to content

Coimisiún Commission a Poem

Caitlín
(Caitlín ceoch)


Báite i gclapsholas an ama
ag teannadh chun fáis
an chéad fiche ag rith uait
le teann fonnmhaireacht do mheon
mar intinn óg ligthe le sruth an aoibhnis
tá féinmhuinín ag báitheadh an aineolais.

Sáite i gclapsholas na startha
rian Mhaigh Eo fágtha trí ghaolta
ar do bhuan chuimhne aisteach
do sheanathair lách i do chroí
i gceo ait na meathchuimhne
ag slaparnach ceol na duthaine.

Cráite ag clapsholas do shaol
tuiscint ag teacht ar phianta an ghrá
méadú ar do shaoithiúlacht go smior
intleacht bríomhar ag géarú do mheon
d’áilleacht ag ardú do chos ‘s do ghnaoi
nach gearr uainn anois bean óg le míle brí.

Fillte ar chlapsholas do dhúchas
An filleadh sin i nganfhios duit féin
le baile ar dhá thaobh den domhan
agus meon ar dhá thaobh den saol
mar do chat bog ceoch, gan faitíos, gan strus
tá an saol mór beagnach réidh le neadú i do bhos.


Coimisiúnaithe ó:
Art Ó Súilleabháin ag
James Wall



Anna
(Anna aoibhinn)

Díreach éalaithe ó shrian na h-óige
ógbhean dhílis
leanbh léannta
girseach gháireach
cailín cairdeach
nua-aoiseach neadach
teifeach tiomanta
Ach fós sáite i mbaclainn shéimh na clainne.

Díreach tagtha chuig crosbhóithre an chlóis
croí lán le ceanúlacht
caitín lán le scanradh
am lán le anamúlacht
sochaí lán le sceitimíní
geimhreadh lán le greann
ciorcal lán le comhluadar
Agus fós níl fadhb fágtha gan réiteach.

Ach fan tamaillín agus fainic
níl anseo ach clochán
níl cuimhne ceilte ina cinn
nil dúchas a duine diúltaithe
níl tuiscint tréigthe ina tuairim
níl bunábhar leabhair curtha amú
Tá tíogar cromtha i gcruth ciúin na cirte sin.

Coimisiúnaithe ó:
Art Ó Súilleabháin ag
James Wall


Seo dán a scríobhadh mar choimisiún le déanaí
This poem was commissioned recently


Mo dheartháir mór

Pádraig, a rún, seo bronntanas eile
dán beag fútsa, cumtha ag file.

Ó bhí mise óg, sheas tú le mo thaobh
deirfiúr níos óige nár chlis tú riamh.

Ba bhinn liom do ghleo
le freagraí gan stró.
D’fhás mé go suan
tríd do chairdeas buan.

Ag tráth na gceist níl do shárú beo
An gaol is fearr a bhí agam go deo.

Is tú mo laoch, mo dheartháir mór
A Phádraig, mo chara, mo mhíle stór.



Coimisiúnaithe ó:
Art Ó Súilleabháin ag Treasa Breathnach





Back to content | Back to main menu