Art Ó Súilleabháin


Go to content

Dha bharra

Breise

Dhá bharra de nóta fada
(ag faire ar mo dhaid ag múineadh a phoirt do m’iníon)



Ó na méaracha scealptha
dá lámha snáitheacha,
munglaíonn feadóg stadach.

Bogann a rithim maolaithe
céimeanna corracha a chuid faillí,
stracann mionbhuillí a chos le cuimhne.

Ach titeann nótaí fada fonnmhara óna shásamh suaimhneach.

Leanann sise a mhéarchéimeanna tuatacha
trí mhaisiú gléasach na nGarranta Sailí,
i gciúnas leata ar an bhfoghlaim.

Promhann a súile óga tríd a chuidse
a cheartúcháin i bportaireacht an Chúilfhionn,
maoin stóráilte slán anois ina ndíséad stuama.

Agus corraíonn an ceol caol clannach chuig fonn ríleach na nglún.





cóipcheart le Art Ó Suilleabháin



Back to content | Back to main menu